Tá iarratas an fhir gnó Denis O’Brien ar urghaire ag cur cosc ar RTÉ tuairisc a chraoladh faoi, curtha siar go dtí an 12ú Bealtaine.
Deir Denis O’Brien nár chóir an t-ábhar a chraoladh mar gurbh iad a ghraithí pearsanta baincéireachta atá i gceist.
Baineann sé leis na fiacha atá ag O’Brien leis an Irish Bank Resolution Corporation.
Tá sé socraithe ag abhcóidí an dá thaobh nach gcraolfar agus nach scaoilfear an t-ábhar go n-éistfear an cás.
Dúirt dlíodóirí thar ceann an IBRC, Anglo-Irish tráth, go raibh siad sin freisin ag lorg urghaire.
Bhí an cás os comhair an Bhreitheamh Paul Gilligan.