skip to main content

6,200 corp faighte. 14,000 gortaithe. 2 mhilliún ar an ngannchuid.

$2 Billiún á iarraidh ag an Rialtas
$2 Billiún á iarraidh ag an Rialtas

Tá Cumann na Croise Deirge ag rá go bhfuil "léirscrios iomlán" déanta i gceantair scoite amach i Neipeal, gar go eipealár an chrith talún ag tús na seachtaine.

6,200 corp atá faighte go dtí seo.

14,000 atá gortaithe.

Tá mórchuid daoine sa bpríomhchathair Kathmandu fós ina gcónaí amuigh faoin spéir le teann faitís faoi iar-chritheanna.

Tá deacracht mór déileáil le líon na gcorp. Tá údaráis ag ordú go gcreimfí daoine gan mhoill.

Go mall atá fóirthint ag dul ag na bailte amuigh sna cnoic.

Deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil 600,000 teach scriosta. Tuairim is 2 mhilliún duine a bheidh ag iarraidh pubaill, uisce, bia agus cógas as seo go ceann ráithe.

Deir Aire Airgeadais na tíre go dteastóidh ar a laghad $2bn ón gcoigríoch le tabhairt faoin ath-tógáil.

Inné tarraingíodh buachaill agus bean slán as an smionagar, 5 lá tar éis na tubaiste.