skip to main content

Fear 31 bliain maraithe. Bean, 34, sáite agus í anois san ospidéal.

An teach inar sáthadh an fear aréir
An teach inar sáthadh an fear aréir

Tá scrúdú iar-bháis ar bun ar fhear 31 bliain d'aois a sáthadh agus a maraíodh i Luimneach.

I dteach i gceantar an Gharráin a fritheadh an corp ag a 11 aréir.

Tugadh bean atá 34 bliain go dtí Ospidéal na hOllscoile. Sáite a bhí sise freisin ach níl sí gortaithe go dona.

Gabhadh beirt fhear, duine 20 bliain d'aois agus duine 32.

Scaoileadh saor tráthnóna iad.

I Sráid Anraoi agus Bóthar Bhaile an Róistigh atádar á gceistiú.

Tuairiscítear go raibh seachtar ag cóisir sa teach ag an am, agus gur sáthadh an fear agus é ag teacht idir fear agus bean a bhí i mbun achrainn.