skip to main content

Bainistíocht ag bagairt gníomhartha cúirte faoi chostas stailc 2 lá faoi phlean bealaí bus a phríobháidiú.

Oibrithe le SIPTU agus an NBRU i mbun stailce
Oibrithe le SIPTU agus an NBRU i mbun stailce

Tabharfaidh Bus Éireann agus Bus Átha Cliath ceardchumainn SIPTU agus an NBRU chun cúirte le costas an aighnis a fháil ar ais ar an mbonn a deir siad go bhfuil an stailc ag sárú an dlí.

Neartú ar mhisneach na n-oibrithe an toradh a bheidh air sin a deir na ceardchumainn.

Tá an Príomhfheidhmeannach ar an gCoimisiún Caidreamh Oibreachais, Kieran Mulvey, ag iarraidh ar na páirtithe san aighneas tabhairt an athuair faoi chomhráití.

Tá na céadta míle paisinéir thíos leis an stailc atá le bheith inniu agus amárach ag Bus Éireann agus Bus Átha Cliath.

Tá an fhoireann i mbun gnímh mar gheall ar phlean 10% de na bealaí a shíneadh ag cuideachtaí príobháideacha.