Tá slógadh beartaithe i gCarolina Theas inniu le haird a tharraingt ar mharú Walter Scott, an fear dubh ar lámhaigh póilín geal é Dé Sathairn seo caite. Tá an póilín cúisithe i ndúnmharú.
Gabhadh an póilín, Michael Slager, tar éis do lucht fiosrúcháin físeán den eachtra lámhaigh a scrúdú.
Léirítear san fhíseán go raibh Walter Scott ag teitheadh ón bpóilín nuair a caitheadh é. Is cosúil gur ocht bpiléar a scaoileadh leis.