skip to main content

Na chéad bhillí uisce faighte ag 39,000 custaiméir inniu

Billí uisce faighte ag 39,000 custaiméir inniu
Billí uisce faighte ag 39,000 custaiméir inniu

Fuair go leor daoine a gcéad bhillí uisce ó chomhlacht Uisce Éireann inniu. 39,000 bille a cuireadh sa phost inné agus eiseofar 1.5 milliún bille as seo go ceann ocht seachtaine.

Ní ghearrfar níos mó ná €40 ar líon tí a bhfuil duine fásta amháin ann. €65 nó níos lú a ghearrfar ar líon tí a bhfuil beirt aosach ann.