skip to main content

Moladh go dtógfaí leacht i gcuimhne ar shaighdiúirí Breataineacha i mBaile Átha Cliath

Cáisc 1916
Cáisc 1916

Tá gaolta chuid de na saighdiúirí Breataineacha a maraíodh le linn Éirí Amach na Cásca i 1916 ag moladh go dtógfaí leacht i gcuimhne orthu i mBaile Átha Cliath. 

Maraíodh tuairim is 30 saighdiúir Breataineach ó reisimint na Sherwood Foresters nuair a rinne Óglaigh na hÉireann luíochán orthu ag Droichead Shráid an Mhóta i ndeisceart na cathrach Dé Céadaoin 26 Aibreán 1916.

Clann clainne dhuine de na saighdiúirí a maraíodh an lá sin, an Captaen Frederick Dietrichsen, atá ag iarraidh ar an Rialtas an leacht a thógáil. 

Dúirt urlabhraí an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys go ndéanfadh an Rialtas a machnamh ar an iarratas agus ar mholtaí eile a bhaineann le comóradh an Éirí Amach.