skip to main content

Tá níos mó ná 400 bean agus páiste fuadaithe ag mílístigh Boko Haram

400 bean agus páiste fuadaithe ag Boko Haram i Damasak na Nigéire
400 bean agus páiste fuadaithe ag Boko Haram i Damasak na Nigéire

Gabhadh na mná agus na páistí i mbaile Damasak i dTuaisceart na Nigéire. D'fhuascail saighdiúirí ón Nigéir agus Chad an baile níos túisce an mhí seo.

Ní raibh aon deimhniú ar líon na n-íospartach a gabhadh ach tá líonta móra gafa ag an ngrúpa Muslamach cheana. 

D'fhuadaigh Boko Haram nach mór 300 cailíní scoile in Aibreán na bliana seo caite. Cáineadh an grúpa go hidirnáisiúnta agus tharraing an eachtra fuadaigh aird na meáin agus na polaitíochta idirnáisiúnta ar 6 bliana ceannairce an ngrúpa mílísteach.