skip to main content

Foclaíocht Ghaeilge don reifreann ar phósadh comhghnéis athraithe

Athrú sa bhfoclaíocht ghaeilge don phósadh comhghnéis
Athrú sa bhfoclaíocht ghaeilge don phósadh comhghnéis

Dúirt an Taoiseach inniu go bhfuil cinneadh déanta ag an Rialtas an fhoclaíocht Ghaeilge don reifreann ar an bpósadh comhghnéis a athrú.

Shocraigh an Rialtas an fhoclaíocht a bhí ann a athrú le faitíos débhrí.

Faoin bhfoclaíocht nua "Féadfaidh beirt, gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh de réir dlí".

Dúirt an Taoiseach go bhfuil an leagan nua níos láidre  agus níos soiléire.  

Pléadh an cheist ag cruinniú Rialtais ar maidin.

Inniu freisin deir Príomhach Chaitliceach Uile-Éireann, An Dochtúir. Éamonn Martin agus Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath Diarmuid Martin, go gcaithfidh muintir na hÉireann cuimhniú go maith orthu féin sula ndéanann siad aon chinneadh sa reifreann ar an bpósadh comhghnéis. 

Ag a gcruinniú Earraigh inniu i Maigh Nuad d'iarr siad ar an bpobal smaoineamh go láidir ar an tionchar a bheadh ag leasú bunreachtúil ar thimpeallacht teaghlaigh agus ar thuiscint dhaoine faoi bheith ina dtuismitheoirí.

Reachtáilfear reifreann an phósta ar an 22ú Bealtaine.