Phléadáil buachaill 13 ciontach i ndúnmharú fir as Éirinn, Christopher John Barry, 53 in Edmonton, i dtuaisceart Londain an 14 Nollaig 2014.
Tharla an eachtra taobh amuigh de bhloc árasán i ndiaidh easaontais. D'admhaigh an buachaill, nach féidir a ainmniú de bharr a aois gur sháidh sé Christopher John Barry.
Bhí tuismitheoirí an bhuachalla i láthair na Cúirte san Old Bailey chomh maith le gaolta Barry, arbh as an Chóbh i gContae Chorcaí ó dhúchas é. Mhair an éisteacht 5 nóiméad.
I ndiaidh don chúis bheith curtha ina leith, d'admhaigh an buachaill an chúis go ciúin. Chuir an Breitheamh Anthony Morris an buachaill siar faoi choimeád ógánach.
D'ordaigh an Breitheamh Morris tuairisc réamh-phianbhreith ar an 10 Aibreán.