skip to main content

Cúisíodh fear 35 ag suí speisialta na Cúirte Dúiche i bPort Laoise inniu i gcoinneáil cailín 11 in aghaidh a tola Dé Céadaoin.

An jíp inar ghabh Michael Martin an cailín Dé Céadaoin seo caite. D'éalaigh sí nuair a chuir a deartháir an fuadaitheoir dá bhuile.
An jíp inar ghabh Michael Martin an cailín Dé Céadaoin seo caite. D'éalaigh sí nuair a chuir a deartháir an fuadaitheoir dá bhuile.

Cúisíodh fear 35 ag suí speisialta na Cúirte Dúiche i bPort Laoise inniu i gcoinneáil cailín 11 in aghaidh a tola Dé Céadaoin seo caite.

Ghabh Gardaí Michael Martin i bPort Laoise ag 12.20 inniu agus chuir na cúiseanna ina leith gur choinnigh sé an cailín sa tSeanbhaile, An Cúlchoill ar an 4 Márta. 

Dúradh sa chúirt gur shéan Martin an chúis nuair a cuireadh ina leith é. Chuir na Gardaí in aghaidh iarratas ar bhannaí a déanadh ar a shon. 

Dhiúltaigh an Breitheamh Catherine Staines don iarratas ag rá go raibh seo ar cheann de na cúiseanna ba tromchúisí le teacht os comhair na cúirte. 

D'ordaigh an Breitheamh Staines go ndéanfaí measúnú síciatrach ar Martin agus d'ordaigh é a chur siar faoi choinneál go Príosún Chnoc na Seimre go dtí an chéad suí cúirte eile ansin ar an 13 Márta.