skip to main content

Tugadh fianaise ag triail Graham Dywer inniu faoi íomhá de bhean a bhí athchóirithe.

Darci Day, bean a thug fianaise cheana, faoi chaibidil i dtriail Graham Dwyer inniu.
Darci Day, bean a thug fianaise cheana, faoi chaibidil i dtriail Graham Dwyer inniu.

Dhealródh sé gur íomhá de Darci Day a bhí sa bpictiúr a taispeánadh sa Chúirt inniu. Sin í an bhean as Meiriceá a thug fianaise sa triail cheana.

Fuaireadh an íomhá ar ghléas stórais ríomhaireachta de chuid Graham Dwyer ina theach, an gléas céanna ar a bhfuaireadh cáipéis dar teideal "Killing Darci". 

Bhí athchóiriú déanta ar an íomhá le gearrthaí scine a chur os cionn chorp na mná.

Ba leis an gclár eagarthóireachta ríomhaireachta 'Photoshop' a rinneadh an t-athchóiriú.

Chuir an breitheamh baill den phobal amach as seomra na cúirte fad a bhí an fhianaise seo á thabhairt.