Tauriscítear go bhfuil an t-aisteoir clúiteach san ospidéal i Los Angeles i ndiaidh don eitleán a bhí faoina smacht aige tuairt éigeandála a dhéanamh ar ghalf-chúrsa in aice Santa Monica inné.
Tharla an eachtra thart fá 2.25 tráthnóna inné nuair a chlis ar inneall an eitleáin bhig agus nuair nár éirigh leis é a stiúradh ar ais chuig aerfort Santa Monica, chuir i dtír é ar ghalf-chúrsa.
Tógadh an t-aisteoir 72 chuig ospidéal sa cheantar áit a bhfuil bail sheasmhach air i ndiaidh a ghortaithe. Is mó aithne atá air dá rólanna mar Indiana Jones agus Luke Skywalker sna scannáin Starwars.