"Coir Cogaidh" atá tugtha ag UNESCO ar an scriosadh atá déanta ag an ngrúpa Stát Ioslamach ar iarsmaí na cathrach ársa Nimrud san Íaraic.
Cháin ceannaire na heagraíochta, Irina Bokova an léirscrios go láidir á rá nach féidir leis an domhan fanacht ciúin.
Deir sí freisin, gurb ionann scriosadh iarsmaí stairiúla agus coir cogaidh agus ghlaoigh sí ar cheannairí polaitiúla agus eaglasta seasamh in aghaidh barbarthacht dá leithéid seo.