Tá 300 post nua fógartha ag an gcomhlacht seirbhísí airgeadais Northern Trust do chathair Luimnigh idir seo agus 2017.
Seo an dara fhógra fostaíochta ag Northern Trust i Luimneach le 3 bliana anuas. Ceaptar go mbeidh 1,000 fostaí acu i Luimneach faoi 2017.
Bunaíodh an chomhlacht i Chicago sa bhliain 1889 agus déanann bainistiú ar infheistíochtaí, cuireann comhairle airgeadais ar fáil do 18 Stát agus iliomad tíortha idirnáisiúnta.
Déanann an comhlacht bainistiú ar luach $934b agus tá ag feidhmiú in Éireann ó 1989.