skip to main content

Tá Príomhfheidhmeannach IAG, Willie Walsh ag bualadh le bainistíocht agus ceardchumainn Aer Lingus i mBaile Átha Cliath ar maidin.

Cruinniú idir Willie Walsh IAG, bainistíocht Aer Lingus agus ceardchumainn i mBaile Átha Cliath ar maidin.
Cruinniú idir Willie Walsh IAG, bainistíocht Aer Lingus agus ceardchumainn i mBaile Átha Cliath ar maidin.

Tá Príomhfheidhmeannach International Airlines Group (IAG), Willie Walsh ag bualadh le bainistíocht agus ceardchumainn Aer Lingus ar maidin chun iarratas IAG ar Aer Lingus a cheannach a phlé.

Tá ceardchumainn ag iarraidh fáil amach cé mhéid postanna a a chruthófar agus a chaillfear agus i gcén earnálacha den gnó a tharlódh na nathruithe sin.

Tá sé raite acu cheana féin nach dtacóidh siad le haon iarratas muna bhfaigheann siad barrántais dhaingne faoi nascacht, ghealltanas poist agus agus coinníollacha oibre.