Tuairiscítear gur lámhadh fear agus bean i dteach i gCluain Dolcáin aréir.
Cuireadh fios ar Ghardaí roimh 9.30 aréir chuig teach i bPlásóg Radharc na Gráinsí áit a raibh an bheirt ins na 20daí caite.
Caitheadh an bhean i ngéag a láimhe agus caitheadh an fear sa bholg. Tugadh an bheirt acu chuig an ospidéal i dTamhlacht agus ceaptar nach bhfuil siad i mbaol báis óna ngortaithe.
Tá na Gardaí i mbun fiosrúcháin theicniúil ar an láthair agus iad ag iarraidh ar éinne a bhfuil eolas acu faoin eachtra teagmháil a dhéanamh leo.