skip to main content

Foclaíocht don Reifreann ar phósadh comhghnéis foilsithe ag Airí Rialtais

'Foclaíocht don Reifreann ar phósadh comhghnéis foilsithe'
'Foclaíocht don Reifreann ar phósadh comhghnéis foilsithe'

Tá an fhoclaíocht don Reifreann ar phósadh comhghnéis foilsithe ag Airí Rialtais. 

Táthar chun an Reifreann a ghairm i Mí na Bealtaine ach níl aon dáta ar leith luaite leis go fóill.

Cuirfear abairt bhreise le hAlt 41 de Bhunreacht na hÉireann: ''Féadfaidh beirt, cibé acu is fir nó mná iad, conradh a dhéanamh i leith pósadh de réir dlí''

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Frances Fitzgerald inniu go bhfuil an fhoclaíocht soléir agus cruinn agus go dtugann an fhoclaíocht nua ceart do gach saoránach anois pósadh más mian leo.

Inniu dheimhnigh an tAire Dlí agus Cirt Frances Fitzgerald go bhfuil Bille Feidhmithe á ullmhú faoi láthair ag an Rialtas a bhaineann leis an reachtaíocht a bheidh ag teastáil má bhíonn athrú de dhíth mar thoradh ar an Reifreann.


San áireamh, beidh athruithe ar an Acht um Chlárú Sibhialta chun constaicí a chuireann cosc ar lánúineacha comhghnéis pósadh a bhaint.

Níos luaithe ar maidin inniu d'aontaigh Airí Rialtais an fhoclaíocht don Reifreann ar phósadh comhghnéis a reáchtálfar i Mí na Bealtaine

Reachtálfar Reifreann an lá céanna ar aois iarrthóirí i dtoghcháin Uachtaránachta. Faoi láthair, ní mór d’iarrthóirí a bheith 35 bliain d’aois ar a laghad ach teastaíonn ón Rialtas sin a ísliú go dtí 21 bliain d’aois.

Meastar go dtionólfar fothoghchán Cheatharlach-Chill Chainnigh an lá céanna. Tá folúntas ansin ó ceapadh Phil Hogan ina Choimisinéir Eorpach.

Socrófar dáta do na Reifrinn nuair a rachaidh na billí lena mbaineann tríd an Oireachtas.

Inné, dheimhnigh an Taoiseach go mbeidh an Bille a bhainfidh le cearta tuismitheoirí do theaghlaigh éagsúla ag dul tríd an Dáil an mhí seo chugainn.

Dúirt Urlabhraí ón Roinn Dlí agus Cirt go n-achtófar é sula dtionólfar an Reifreann ar phósadh comhghnéis.