Tá an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (DPP) chun achomharc a lorg ar an bpionós a gearradh ar Shaun Kelly, an fear as Dún na nGall a ciontaíodh i dtiomáint chontúirteach a ba chúis le bás ochtar.
Ceithre bliana príosúin a gearradh ar Shaun Kelly, an dá bhliain deiridh ar fionraí, sa gcúirt mí na Nollag.
Phléadáil Shaun Kelly, 26, ciontach mí Iúil. An Breitheamh John O’Hagan a ghearr pionós air i gCúirt Chuarda Leitir Ceanainn.
D’iarr muintir cheathrar a maraíodh sa tubaiste ar an mbreitheamh nach gcuirfí sa bpríosún ar chor ar bith é.
Tiománaí lorraí ba ea Shaun Kelly. 21 bliain a bhí sé nuair a tharla an timpiste mí Iúil 2010 i gCluain Maine, Inis Eoghain, Dún na nGall.
Is iad an t-ochtar a bhásaigh: : Éamon McDaid, 22; Mark McLaughlin, 21; Paul Doherty, 19; Ciarán Sweeney, 19; PJ McLaughlin, 21; James McEleney, 23; Damien McLaughlin, 21; Hugh Friel, 66.