skip to main content

Ard-Cheannfort den tuairim go bhfuil Ian Bailey fós bainteach le Cás du Plantier.

Frank Buttimer, aturnae, Jules Thomas agus Ian Bailey
Frank Buttimer, aturnae, Jules Thomas agus Ian Bailey

Tá Garda sinsireach tar éis insint don Ardchúirt nach raibh Ian Bailey faoi fhaireachas foirmiúil le blianta beaga anuas.

Ach deir an tArd-Cheannfort Tom Hayes gur duine fós é Ian Bailey atá bainteach leis an gcás, mar nach bhfuil aon athrú ar na fíricí.

Roimh an Nollaig bhí fianaise cloiste ón iar-Gharda John Wilson gur cheap seisean gur léirigh an córas Pulse go raibh fóir-fhaireachas ar siúl ag na Gardaí, nach bhfeicfí go hiondúil ach i gcás duine a bheadh go reathúil i mbun coiriúlachta.