Tá iar-Phríomhaire na Breataine Tony Blair ag tabhairt fianaise os comhair an Choiste Parlaiminte ar Ghnóthaí Thuaisceart Éireann. “Ní Pardún a bhí sa scéim ‘OTR’ agus ní faoi rún a rinneadh é", a deir an tUasal Blair.
Deir sé gur mór an seans go mbeadh teipthe ar Phróiseas na Síochána gan socrú a bheith déanta faoi na daoine a bhí ar a dteitheadh.
Faoin Scéim, a bunaíodh in 1999, seoladh litir chuig breis is 200 duine a bhí faoi amhras ag na póilíní faoi choireanna le linn na dTrioblóidí, ag insint dóibh nach mbeadh na póilíní sa tóir orthu feasta.
Fuair an pobal i gcoitinne amach faoin Scéim i 2014, nuair a theip ar chás cúirte faoi bhuamáil Hyde Park, nuair a maraíodh ceathrar saighdiúirí Breataineacha in 1982, mar gheall ar gheallúint an rialtais i gceann de na litreacha.