skip to main content

An onóir is airde sa tír bronnta ar thriúr póilíní. Ceathrar Giúdach curtha in Iosrael.

Cónra Ahmed Merabet, póilín moslamach, a cuireadh i reilig Bobigny
Cónra Ahmed Merabet, póilín moslamach, a cuireadh i reilig Bobigny

Tá sochraid á cur ar sheachtar a maraíodh sna hionsaithe i bPáras an tseachtain seo caite.

Ag sochraide i bPáras leag an tUachtarán Francois Hollande bonn an Légion d’Honneur ar chónraí triúr póilíní a maraíodh.

 “Bhásaigh said go mbeadh beatha ag an gcuid eile againn” a dúirt an tUachtarán Hollande.

Tá ceathrar Giúdach a maraíodh in ollmhargadh kosher i bPáras freisin, curtha in Iosrael.

Bhí na mílte i láthair i reilig Givat Shaul in Iarúsailéim.

I mBaile Átha Cliath tá an tUachtarán Higgins tar éis leabhar comhbhróin a shíniú in Ambasáid na Fraince.