skip to main content

Sa mBulgáir a gabhadh an Francach a bhí i dteagmháil le lucht ionsaithe Charlie Hebdo

10,000 saighdiúir ar an airdeall ar fud na Fraince
10,000 saighdiúir ar an airdeall ar fud na Fraince

Tá fear as an Fhrainc gafa sa mBulgáir agus é ag iarraidh a dhul trasna na teorann go dtí an Tuirc.  Bhíodh an Francach a deir na húdaráis i dteagmháil go leanúnach le Cherif Kouachi, duine de na deartháireacha a thug faoi na hionsaithe i bPáras an tseachtain seo caite.

Saoránach de chuid na Fraince, as Háítí ó dhúchas é Fritz-Joly Joachin, atá 29.

Deir an t-ionchúisitheoir Darina Slavova go raibh Joachin agus Kouachi i dteagmháil go rialta le chéile, go dtí coícís roimh an sléacht inar maraíodh dáréag in oifigí Charlie Hebdo.