Tar éis fhógra AIB go bhfuil 170 post san teicneolaíocht faisnéise le déanamh feasta ag 3 chomhlacht seachtracha, tá imní mhór ar an gceardchumann faoi 200 post eile.
Tá sé i gceist ag AIB seachfoinsiú a dhéananh ar 170 post le 3 chomhlacht eile, Eircom, Integrity agus Wipro, comhlacht in India.
I mBaile Átha Cliath ar fad atá na daoine fostaithe faoi láthair.
Tuigtear nach bhfuil sé i gceist lucht oibre a ligean chun siúil. Beifear ag súil go rachfaidh na fostaithe go deonach go dtí na comhlachtaí seachtrach.
Ceapadh ar dtús go raibh 450 post i gceist agus bhí caint go mbeadh AIB ag iarraidh iomarcaíocht dheonach ar fhoireann an bhainc.
Deir Larry Broderick, Ard-Rúnaí Chumann na nOifigeach Bainc (IBOA) go bhfuil athbhreithniú ar bun ag AIB ar phost 200 duine eile.
Níl aon scéal oifigiúil ón mbanc.