skip to main content

Cuireadh fainic ar fhoireann oibre Intel fanacht sa mbaile go mbeadh na Gardaí sásta go raibh an áit slán

Beagnach 3 uair a chloig a mhair an fógra slándála
Beagnach 3 uair a chloig a mhair an fógra slándála

Tá lucht oibre le Intel i Léim an Bhradáin i gCill Dara tar éis filleadh ar an obair tar éis rabhadh slándála. Bhí Gardaí ar an láthair ó 6.30 ar maidin.

Tá siad "an-dáiríre" faoin gcás a deir siad. 

Bhí sé ráite le go leor den fhoireann ar maidin, gan a theacht ag an áit oibre gan cead a bheith faighte acu ó bhainisteoir.

Glanadh gach duine den suíomh agus cuardaíodh go mion é.