Dúirt an tAire Airgeadais Michael Noonan go bhfuil dóchas aige go bhfaighfear ar ais an €29b a chuir an Rialtas sna bainc AIB, Banc na hÉireann agus Permanent TSB.
Tá an banc Goldman Sachs ceaptha ag an Aire le comhairle a thabhairt faoi scaireanna an Rialtais in AIB a dhíol agus súil aige go dtreiseoidh luach na scaireanna sin ón €13b faoi lathair go luach níos gaire do €20b i bhFómhar na bliana seo.
Cuireadh an sciar is mó den airgead, cothrom le €20b in AIB agus ghlac an Rialtas seilbh ar 99.8% den banc.