Tá oifigigh shláinte sa Bhreatain ag iarraidh teacht ar phaisinéirí eitleáin a shuigh in aice le banaltra a tháinig ar ais go hAlbain as Siarra Leon arú inné agus a bhfuil an víreas Ebola uirthi.
Tá cóir leighis á cur ar Phauline Cafferkey anois in aonad speisialta in ospidéal i Londain. Tá sí ar dhuine de leathchéad oibrí sláinte a bhí ag obair go deonach i Siarra Leon agus a d'fhill ar an mBreatain ar an deireadh seachtaine.
Deir na húdaráis sláinte gur beag an baol go bhfuil an víreas tolgtha ag daoine eile a bhí ar an eitleán céanna leis an mbanaltra. Mar sin féin, a deir siad, b'fhearr leo teagmháil a dhéanamh le paisinéirí a shuigh in aice léi chun iad a chur ar a suaimhneas.
Dúirt an tAire Sláinte Leo Vardakar nach gcreideann sé go bhfuil aon duine sa tír seo i mbaol mar gheall ar an gcás in Albain.