Tá os cionn 40 corp faighte san fharraige ag lucht cuardaigh agus iad ag iarraidh teacht ar smionagar an eitleáin le Air Asia a d'imigh gan tuairisc arú inné agus í ar a bealach ón Indinéis go Singeapór.
Thángthas ar na coirp i Muir Iáva amach ó chósta theas Bhoirneo.
Síleann lucht cuardaigh go bhfuil amharc acu anois ar scáth an eitleáin faoin uisce. Chonacthas veist tarrthála, smionagar an eitleáin, chomh maith le balcaisí eile ag snámh ar bharr uisce.
Tá níos mó ná 30 long agus 20 eitleán páirteach sa chuardach.
162 paisinéir ar bhí ar bord an eitleáin nuair a chuaigh sí amú, tar éis don phíolóta cead a iarraidh an cúrsa a athrú de bharr drochaimsire.