skip to main content

€3.5 billiún caite ag turasóirí ón iasacht i 2014

Aillte an Mhothair
Aillte an Mhothair

Chaith turasóirí ón iasacht os cionn €3.5 billiún sa tír seo i gcaitheamh na bliana 2014, a léirítear i bhfigiúirí nua foilsíodh inniu. Sin ardú 9% - nó €300 milliún - ar an méid a caitheadh i 2013. 

Dar le Cónaidhmn Thionscal Turasóireachta na hÉireann gur tháinig 7.3 milliún cuairteoirí chun na tíre ón iasacht i 2014 - an líon is mó le sé bliana.

Deir cathaoirleach na Cónaidhme Paul Carty go bhfuil os cionn 200,000 duine fostaithe sa tionscal turasóireachta sa tír seo agus gur anuraidh a cruthaíodh cúig mhíle de na poist sin.

Deir Paul Carty freisin gur mb'fhéidir go gcruthófar ocht míle post eile an bhliain seo chugainn, ach go gcaithfidh an Rialtas infheistíocht mhór a dhéanamh i bhforbairt an tionscail.