Tá cóir leighis fós á cur san ospidéal ar chúig dhuine dhéag a gortaíodh nuair a bhuail mionbhus agus gluaisteán faoina chéile i gCo Chiarraí tráthnóna inné. Tharla an timpiste ar an mbóthar idir Cill Airne agus Trá Lí go gairid roimh 6 a chlog.
Bhí athair, máthair agus a seachtar clainne ag taisteal sa mhionbhus a raibh leantóir ceangailte leis. Bhí lánúin ón mBreatain agus a gceathrar páistí sa ghluaisteán a bhí tógtha ar cíos acu.
Tharla an tionóisc i gCnoc an Doire, ceithre chiliméadar soir ón bhFearann Fuar.
Tá fear sna daichidí, beirt chailíní agus triúr buachaillí san ospidéal i gCorcaigh. Bhain drochghortuithe do bheirt de na buachaillí.
Is in Ospidéal Ginearálta Chiarraí i dTrá Lí atá an naonúr eile.