skip to main content

Bean maraithe i ndóiteán i dteach i nDún na nGall

Láthair an dóiteáin, Baile na Bó
Láthair an dóiteáin, Baile na Bó

Maraíodh bean sna seachtóidí de bharr dóiteáin ina teach cónaithe i gCo Dhún na nGall go moch ar maidin. Tharla an dóiteán sa teach i mBaile na Bó i gceantar an Chraoslaigh, i dtuaisceart an chontae, go gairid tar éis 1 a chlog. 

Cuireadh fios na seirbhísí éigeandála agus is iad a tháinig ar chorp na mná. Bhí sí ina cónaí ina haonar sa teach. Tugadh a corp go hOspidéal Ginearálta Leitir Ceanainn, áit a ndéanfar scrúdú iarbháis níos deireanaí inniu.  

Tá scrúdú teicniúil á dhéanamh ar an teach ag na Gardaí.