Maraíodh fear naoi mbliana déag is fiche i dtimpiste bóthair i bPort Uí Chuireáin i gCo. Dhún na nGall.
I dtrátha an naoi a chlog aréir a tharla an timpiste nuair a bhuail a charr cuaille. Ní raibh aon duine eile sa charr ag an am. Fuair an fear bás ag an láthair agus tugadh a chorp go hOspidéal Ginearálta Leitir Ceanainn. Tá na Gardaí i mBaile na nGallóglach ag iarraidh ar aon duine a chonaic an timpiste teagmháil a dhéanamh leo.