Deir na Gardaí ins an gCóbh, Co Chorcaigh, atá ag fiosrú bás lanúine phósta in eachtra sáite sa bhaile inné nach bhfuiltear ag lorg éinne eile maidir lena bhfiosrúcháin. Deir siad gur ‘thragóid theaghlaigh’ a bhí ann. Thángthas ar chorp Mhichael Greaney (53) agus a bhean chéile, Valerie (49), ina dteach cónaithe i bPlás Uí Néill ins an gCóbh ag tuairim is leathuair tar éis a trí tráthnóna inné. Bhí Valerie Greaney sáite in an iliomad coda dá corp agus bhí Michael Greaney gointe sa chliabhrach. Gortaíodh iníon na beirte, Michelle, atá 21 bliain d’aois, go dona freisin. Tháinig na Gardaí uirthi ina luí taobh amuigh den teach. Cuireadh cóir leighis uirthi ar an láthair sular tugadh chun na hotharlainne í. Tuairiscítear go bhfuil bail sheasmhach uirthi anois.
Chuir comharsan fios ar na Gardaí tar éis don iníon is óige a bhí ag an lanúin teacht chucu agus cuma chroite uirthi. Dúirt sí gur iarr a máthair uirthi glaoch a chur ar na Gardaí. Tuairiscítear go bhfuil an cailín (16) an-trína chéile faoin eachtra cé nár gortaíodh í.
Bhí gnó fisiteiripe ag an lanúin sa bhaile le deich mbliana anuas.
Tá Easpag Chluana, William Crean, ag impí ar dhaoine paidreacha a rá ar son gach duine a d’fhulaing mar gheall ar an eachtra.