Gabhadh beirt le linn agóide a bhí ar siúl i mbruachbhaile de chuid St Louis i stát Missouri i Stáit Aontaithe Mheiriceá aréir. Chaith agus mharaigh póilín ógánach dubh, Antonio Martin sa cheantar inné.
Chuir lucht na hagóide bac ar thrácht i Berkeley moch maidin inniu. Thriail cuid acu briseadh isteach i siopa, ach seachas san bhí lucht na hagóide síochánta go maith tríd is tríd.
Maíonn muintir Antonio Martin nach raibh arm ar iompar ag an ógánach nuair a caitheadh é, ach deir na póilíní a mhalairt agus maíonn siad siúd gur thug an t-ógánach aghaidh gunna ar an bpóilín a chaith é.
Foilsíodh íomhanna den eachtra lamhaigh ó chóras slándála teilifíse inné. Cé nach bhfuil na híomhánna an-soiléir taispeánann siad duine sa chúinne ag ardadh a lámha san aer. Níl na híomhánna soiléir a dhóthain áfach le deimhniú an bhfuil gunna ina láimh ag an té atá sa phictiúir.
Tá an ceantar inar tharla an eachtra seo cóngarach do Ferguson, sin an áit inar chaith agus mharaigh póilín geal Michael Brown, ógánach ocht mbliana déag d’aois i mí Lúnasa.