skip to main content

Dúbailt na ndaoine atá i ngátar le freastal ar dhinnéar na Nollag san RDD i mbliana ná mar a dhein anuraidh

An t-Ardeagpag Diarmuid Martin
An t-Ardeagpag Diarmuid Martin

Dúirt Ardeaspag Caitiliceach Bhaile Átha Cliath, Diarmuid Martin, go bhfaighidh dúbailt an líon den bpobal dinnéar na Nollag saor in aisce san RDS sa gcathair inniu, ná mar a fuair anuraidh.

Dúirt sé ina sheanmóir Nollag sa Leas Ardeaglais i mBaile Átha Cliath aréir, go bhfuil dhá oiread bídh dáilte an Nollaig seo orthu siúd atá i ngátar ag áisíneacht na Deoise, Crosscare.

Dúirt sé gur féidir borradh eacnamaíochta a thomhas de réir na gcaighdeán atá leagtha síos ag na Forais Idirnáisiúnta Airgeadais, ach nach scéal iomlán é i ndáiríre gan léargas a thabhairt chomh maith orthu siúd ar a bhfuil an bhróig ag luí.