skip to main content

Glaoch teilefóin gan aon choinne déanta ag an bPápa ar Chríostaithe i dTuaisceart na hIaráice

An Pápa Proinsias
An Pápa Proinsias

Chuir an Pápa Prionsias glaoch teileafóin gan aon choinne ar Chríostaithe i dTuaisceart na hIaráice le Beannachtaí na Nollag a ghuí orthu.

Ghlaoigh sé ar theifigh i gcampa i Ankawa atá laistigh de chathair Choirdíneach, Erbil,  tamall beag sula ndearna Aifreann an mheánoíche i mBaisleach Naomh Peadar sa Róimh a cheiliúradh.

Ina sheanmóir aréir, d'iarr sé ar Chríostaithe Dia a scaoileadh isteach ina gcroí le fóirthint a dhéanamh orthu in am an dorchadais agus na cneamhaireachta.

Tabharfaidh an Pápa a óráid bhliantúil, Urbi et Orbi, do chathair na Vatacáine agus don domhan mór ag 11.00 r.n. am na hÉireann