skip to main content

Fear á cheistiú ag na Gardaí faoi bhean a sháthadh i gCo an Chabháin

Stáisiún an Gharda Síochána i gCo an Chabháin
Stáisiún an Gharda Síochána i gCo an Chabháin

Tá fear os cionn lethchéad bliain d'aois, gafa agus á  cheistiú ag na Gardaí faoi bhean a sháthadh  i dtigh i gCill na Leice i gCo an Chabháin tráthnóna inné.

Sáthadh an bhean atá ag déanamh ar an leathchéad bliain sa chorp. Tuigtear go bhfuil droch bhail uirthi san ospidéal.

Tá aithne fhorleathan ar an bhfear atá ina Phoblachtánach le fada. Chuir sé téarma priosúnachta isteach cheana faoi choir thromchúiseach a dhein sé ins na nóchadaí