skip to main content

Níl tomhaltóirí ag caitheamh oiread airgid agus a bhí tuartha a chaithfidís ins na siopaí an Nollaig seo, dar le lucht na siopaí.

Siopadóireacht na Nollag
Siopadóireacht na Nollag

Níl tomhaltóirí ag caitheamh oiread airgid agus a bhí tuartha a chaithfidís ins na siopaí an Nollaig seo, dar le lucht na siopaí.

Deir an eagraíocht Feabhas Miondíola Éireann a dheineann ionadaíocht ar 11,000 siopa, go bhfuil taithí ag an bpobal ar a bheith spárálach lena gcuid airgid le roinnt blianta, agus gur deacair leo an nós san a bhriseadh anois.

Dúirt leas Stiúrthóír Bainistíochta na heagraíochta, Seán Murphy inniu, nach bhfuil daoine ag ceannacht an líon mór earraí agus a bhídís,  agus go bhfuil siad ag ceannach rud nó dhó mór ina ionad.