Tá Anthony Burke, an fear seachtó cúig bliain d'aois ar bhuail gluaisteán é i gCill Bharróg i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath tráthnóna Dé Luain, tar éis bháis in Ospidéal Beaumont.
Ba ar Bhóthar Greendale a buaileadh é ag a seacht a chlog tráthnóna arú inné. Cailleadh inné é.
Tá scrúdú teicniúil déanta ar láthair na timpiste agus tá tiománaí an ghluaisteáin ceistithe ag na Gardaí chomh maith.
Tá na Gardaí ag achainní ar aon duine a chonaic an timpiste, teagmháil a dhéanamh leo.