I Meiriceá, mharaigh póilín fear óg ocht mbliana déag d’aois de chuid an chine dhuibh i St Louis, Missouri.
Dúirt na póilíní gur thug an fear dubh aghaidh an ghunna ar an bpóilín a bhí ag déanadh air agus ar fhear eile ag stáisiún breosla i mbruachbhaile, Berkeley.
Dúradh i ráiteas go raibh eagla ar an bpóilín go marófaí é agus gur scaoil sé roinnt urchar leis an bhfearóg.
Theith an compánach a bhí in éineacht leis.
Dúirt raidió áitiúil thall gur Antonio Martin an té a maraíodh, ach níl an ainm dearbhaithe ag na póilíní fós.
Thárla an marú cóngarach do bhruachbhaile Ferguson, áit ar mharaigh an póilín Darren Wilson, Michael Brown i mí Lúnasa.