skip to main content

Cuirfear aighneachtaí i láthair na hArdchúirte i mBaile Átha Cliath faoi chás na mná atá ag iompar linbh.

An Ardchúirt i mBaile Átha Cliath
An Ardchúirt i mBaile Átha Cliath

Cuirfear aighneachtaí i láthair na hArdchúirte i mBaile Átha Cliath inniu faoi chás na mná atá ag iompar linbh agus a bhfuil inneal leighis á coimeád beo.

Tá teaghlach na mná ag iarraidh go múchfaí an t-inneal leighis agus dúradh sa gcúirt gur beag seans atá ann go mairfidh an leanbh fiú má choiméadtar an t-inneal ar siúl.

Cuirfidh dlíodóirí atá ar cur ar son an linbh sa bhroinn a gcás san ardchúirt inniu, maraon le athair na mná agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Tabharfaidh triúr breithiúna a mbreith ar an gcás arú amárach, Lá Fhéile Stiofáin.