skip to main content

Dúirt an tIar-Aire Stáit Fergus O'Dowd gur chóir go mbeadh freagraí tugtha ag Uisce Éireann ar cheisteanna faoi chostais.

Fergus O'Dowd TD ag labhairt sa Dail tráthnóna
Fergus O'Dowd TD ag labhairt sa Dail tráthnóna

Dúirt an tIar-Aire Stáit Fergus O'Dowd gur chóir go mbeadh freagraí tugtha ag Uisce Éireann ar cheisteanna ó Theachtaí Dála faoi chostais. 

Nuair a dúradh leis na TD a chuir na ceisteanna seo gur faoi Uisce Éireann a bhí sé na ceisteanna úd a fhreagairt, deir O'Dowd gur iarr sé ar Ard-Rúnaí na Roinne Comhshaoil leithsceal a ghabháil leo. 

Dúirt an TD Fine Gael, nuair a bhí sé i gceannas ar bhunú na háisíneachta, go raibh sé i gceist aige go bhfreagródh Uisce Éireann na ceisteanna seo ar fad go díreach.