Tá aerspás thart timpeall ar chathair Londain srianta go dtí 7 anocht.
Bhí stad iomlán ar eitiltí ach tuairiscítear go bhfuiltear ag filleadh ar ghnáthsceidil eitilte ach go bhfuil moill curtha ar gach aerfort dá bharr.
Tuairiscítear gur theip ar chóras ríomhaireachta i lárionad bainistíochta eitiltí Stanwick.
D'eisigh NATS, comhlacht bainistíochta aer-thráchta dhomhanda ráiteas a dúirt gur de thoradh faidhbe theicniúil a ghlacadar an chinneadh seo.
Lean an ráiteas le rá go raibh gach a d'fhéadfaí á dhéanamh acu leis an bhfadhb a réiteach.
Chuir an bac eitilte seo stop iomlán le heitiltí isteach nó amach as aerfoirt Londain, Heathrow, Gatwick, Stansted, aerfort na cathrach agus Luton ina measc.