skip to main content

D'fhógair an ASTI agus an TUI an dara lá stailce agus iad ag cur in aghaidh cleachtais ceartúcháin na sraithe sóisearaigh.

Cumann Meánmhúinteoirí, Eire ar stailc ar an 2 Nollaig. Beidh siad ar an bpicéad arís Déardaoin an 22 Eanáir.
Cumann Meánmhúinteoirí, Eire ar stailc ar an 2 Nollaig. Beidh siad ar an bpicéad arís Déardaoin an 22 Eanáir.

D'fhógair Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire agus Aontas Múinteoirí Éireann inniu go racfaidh siad ar stailc ar an 22 Eanáir. Tá iad ag cur in aghaidh moltaí na Roinne Oideachais go gceartódh múinteoirí 40% de scrúduithe a gcuid mac léinn féin. 

Seo an dara lá stailce atá fógraithe ag na ceardchumainn i ndiaidh do mheánscoileanna na tíre dúnadh ar an 2 Nollaig nuair a bhí 27,000 múinteoir ar stailc ar fud na tíre. 

Fágfar 350,000 mac léinn amuigh ón scoil arís Déardaoin 22 Eanáir de bharr na stailce.