Tá a mbuairt léirithe ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) faoin gcaighdeán glaineachta in dhá ospidéal máithreachais i mBaile Átha Cliath.
Tuairiscítear go raibh fadhb glaineachta san aonad nuabheirthe in Ospidéal Sráid Holles chomh maith le heaspa foirne glantacháin do threalamh othar.
Dúradh go raibh lorg fola fágtha san áit a ndéantar tastáil ar fhuil agus ag bun ghoradáin.
Bhí fadhbanna glaineachta le sonrú áit a mbíonn othair freisin ach fuaireadh go raibh an caighdeán glanta láimhe san ospidéal go maith.
Fuair cigirí ar cuairt gan choinne go raibh easpa glaineachta san aonad nuabheirthe agus ar threalamh sa bhárda gínéiceolaíochta in Ospidéal an Rotunda.
Dúirt an tospidéal le HIQA go raibh a gcúram dúshlánach de bharr aois an fhoirgnimh.