Deir tuarascáil ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) gub iad an 10% is airde ioncam ba mhó a bhain leas as Buiséad 2015, agus gurb iad an 10% is lú ioncam ba lú a bhain tairbhe as.
Cuirfidh Buiséad 2015 ardú 0.6% ar ioncam an 10% is saibhre, ach bainfidh sé 1% den 10% is boichte.
Ach nuair a áirítear na buiséid uile ó 2008, tháinig an titim is mó ioncaim ar an 10% is airde ioncam.
Deir an ESRI go n-ardóidh Buiséad 2015 an meán-ioncam de níos lú ná 0.1% nuair atá na táillí uisce agus na hathruithe ar fad eile curtha san áireamh.
Ó 2008 i leith, daoine atá singil agus dífhostaithe a chonaic an titim is mó ar a n-ioncam de bharr chiorruithe, sin 22%.
Daoine ar phinsin an dream ba lú a chaill sa tréimhse céanna, agus ísliú 6% tagtha ar a n-ioncam.
Deir údar na tuarascála, Tim Callan, gur dul ar gcúl a bhí i mBuiséad 2015.