skip to main content

Deireadh le cainteanna ag Stormont, socrú 'gan bheith indéanta faoi láthair' -Cameron

Stormont fágtha ag an Taoiseach agus an Príomh-Aire gan socrú comhaontaithe
Stormont fágtha ag an Taoiseach agus an Príomh-Aire gan socrú comhaontaithe

D’fhág David Cameron na cainteanna polaitiúla i dTuaisceart Éireann ar maidin á rá nach raibh socrú indéanta faoi láthair.

Bhí beart airgeadais arbh fhiú £1bn é á thairiscint  ag an bPríomh-Aire sa gcás go mbeadh an Fheidhmeannacht in ann teacht ar chomhaontú faoi na conspóidí atá fós gan réiteach.

Tá míshástacht ar chuid mhór polaiteoirí sa Tuaisceart leis an méid airgid a bhí á thairiscint ag an bPríomh-Aire.

Bhí cainteanna ag an Taoiseach agus ag an bPríomh-Aire leis na páirtithe ar fad féachaint le socrú a fháil.

Ar ar bhealach amach as Teach Stormont, dúirt David Cameron go ndearnadh dul chun cinn maith thar óiche agus ar maidin, ach nach mbeadh socrú againn inniu.

Tá na cainteanna idir páirtithe ar siúl le 9 seachtaine ag Teach Stormont.

Chomh maith le socrú faoi cheist na mbratacha, na bparáideanna agus oidhreacht na dTrioblóidí, bhí na cuig pháirtí sa gcomhfheidhmeannacht ar thóir shocrú faoin mbuiséad.

Tá na páirtithe i sáinn faoi leasuithe ar an gcóras leas sóisialaigh a chur i bhfeidhm mar a cuireadh i bfheidhm sa mBreatain iad.