skip to main content

D'ainmnigh Mary-Lou McDonald cuid de na daoine atá luaite ar liosta a tugadh do bhaill an PAC an mhí seo caite.

Ainmníonn Mary Lou McDonald liosta Ansbacher
Ainmníonn Mary Lou McDonald liosta Ansbacher

D'ainmnigh Mary-Lou McDonald cuid de na daoine atá luaite ar an liosta a tugadh do bhaill an PAC an mhí seo caite. Líomhnaigh sí gur cuireadh an fiosrúchan ar ceal a luaithe agus a fuarthas amach go raibh Des O'Malley ar an liosta.

Ba le linn sraith ceisteanna na gCeannairí sa Dáil a d'ainmnigh sí iad. Chomh maith le Des O'Malley, luaigh sí an t-ainm S Barrett. 

Ní mó na sásta a bhí an Ceann Comhairle Seán Barrett agus dúirt sé léi nár cheart di leas a bhaint as córas phribhléid Dála len iad a ainmniú. Dúirt sé freisin narbh é fhéin an S Barrett ar thagair sí dó.

Dúirt McDonald áfach nach raibh iontu ach líomhaintí ach gur tháinig siad ó fhoinse iontaofa.

Luaigh sí dornán ainmneacha san iomlán; Des O'Malley, Ray MacSharry, Gerard Collins, Máire Geoghegan-Quinn, Richie Ryan agus S Barrett. 

D'fhiafraigh an Ceann Comhairle di an raibh sí ag déanamh líomhaintí sa Dáil. D'fhreagair sí gur ag athrá líomhaintí an sceithire a bhí sí. 

D'fhiafraigh McDonald an mbeadh cead ag an sceithire a fhiosrúchán a chríochnú i bhfianaise go ndúirt Oifig an Ard-Aighne leis an Choiste um Chuntais Phoiblí nach bhféadfadh siadsan na líomhaintí a fhiosrú. 

D'fhreagair an Taoiseach í ag rá go raibh cosaint ag an sceithire faoin reachtaíocht nua agus go raibh scuad calaoise na nGardaí ag lorg an chomhaid lena fhiosrú. 

I ráiteas tráthnóna, dúirt an tUasal O'Malley nach raibh  a leithéid de chuntas bainc agus Ansbacher riamh aige agus go raibh na líomhaintí seo fiosruithe go cuimsitheach ag na Coimisinéirí Ioncaim, ag na Gardaí agus ag Binse Fiosruithe Moriarty.