skip to main content

Dúirt Marie Farrell san Ard-Chúirt ar maidin gur dhúirt Gardaí gurbh é Ian Bailey a mharaigh Sophie Tuscan Du Plantier.

Ian Bailey. Cás in aghaidh an Stáit, na Gardaí, an tArd Aighne agus an tAire Dlí - gur gabhadh go héagórach é. Séanann an Stáit na líomhaintí.
Ian Bailey. Cás in aghaidh an Stáit, na Gardaí, an tArd Aighne agus an tAire Dlí - gur gabhadh go héagórach é. Séanann an Stáit na líomhaintí.

Dúirt Marie Farrell san Ard-Chúirt ar maidin gur dhúirt Gardaí gurbh é Ian Bailey a mharaigh Sophie Tuscan Du Plantier. 
 

Taispeánadh físeán de Bailey di agus dúirt sí leis na Gardaí nárbh é Bailey a bhí ann. Ach dúirt Gardaí leí go gcaithfeadh sí a rá go raibh sé sa cheantar úd mar gurb eisean a mharaigh Tuscan Du Plantier agus go maródh sé duine éigin eile arís. 

Dúradh léi nach mbeadh aon chás cúirte i gceist agus nach mbeadh uirthi ach ráiteas dhá-líne a shíniú.

D'inis sí do na Gardaí faoi fhear a fheiscint dhá bhabhta ach choinnigh sí an tríú babhta anaithnid mar nár theastaigh uaithi go bhfaigheadh a fear céile amach cá raibh sí. 

Dúirt na Gardaí léi áfach go raibh fhios acu gurb í a ghlaoigh go hanaithnid ach nach n-inseodh siad aon ní dá fear céile. 

Thoiligh sí an ráiteas a shíniú mar go raibh sí buartha go bhfaigheadh a fear céile amach agus gur cheap sí go gcuirfeadh a toiliú deireadh leis an scéal. 

Shínigh sí suas le hocht leathanach lom san iomlán. 

Dúirt sí freisin gur tugadh barrántas di nach nglacfadh na Gardaí cás in aghaidh a fir chéile faoi árachas gluaisteáin. 

Tá Marie Farrell ag tabhairt fianaise i gcás dlí atá á chur ag Ian Bailey ar an Stát agus ar Ghardaí ar chúis gur gabhadh go héagórach é faoi dhúnmharú Sophie Tuscan Du Plantier i mí na Nollag 1996 in iarthar Chorcaí. 

Séanann an Stát na líomhaintí.