skip to main content

An Comhlacht Calypso le 150 post nua a chruthú i mBaile Átha Cliath. Forbraíonn an comhlacht bogearraí don earnáil airgeadais.

150 post nua á gcruthú ag Calypso i mBaile Átha Cliath. Comhlacht bogearraí don earnáil airgeadais idirnáisiúnta iad.
150 post nua á gcruthú ag Calypso i mBaile Átha Cliath. Comhlacht bogearraí don earnáil airgeadais idirnáisiúnta iad.

Cruthóidh an comhlacht teicneolaíochta Calypso 150 post nua i mBaile Átha Cliath. Freastalaíonn an comhlacht ar an earnáil airgeadais dhomhanda, ag forbairt bogearraí ríomhaireachta. 

Lonnóidh Calypso Lárionad Seirbhíse Bainistíochta san ardchathair. Baineann níos mó ná 34,000 oibrí sna margaí airgeadais idirnáisiúnta úsáid as teicneolaíocht an chomhlachta i 60 tír. 

Tá 700 fostaí ag an gcomhlacht as San Francisco in oifigí ar fud an domhain. 

Tá na postanna á gcruthú le tacaíocht na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta chomh maith leis an Údarás Forbartha Tionscail.